Description
Póstaeir a dhearbhaíonn síocháin, suaimhneas agus sonas.
Tá deich bpóstaer áille A3 don seomra ranga sa tsraith Na Focail Draíochta, le teachtaireacht dhearfach speisialta do pháistí ar gach ceann acu. Spreagtar páistí chun na teachtaireachtaí a léamh nuair atá spreagadh de dhíth orthu. Dá mhéad a léann siad teachtaireacht is ea is mó a fhásann an draíocht, rud a chuirfidh ar a gcompórd iad agus a chuirfidh lena bhféinmheas agus lena bhféinéifeacht.
Póstaeir Focail Draíochta sa tsraith seo:
- Tá gean ag daoine orm
- Tá m’aigne socair agus soiléir
- Táim slán sábháilte
- Táim an-sásta ionam féin
- Tá an lá inniu go hiontach
- Tá mo chuid smaointe ar nós scamall, níl siad ach ag dul thart
- Táim díreach i gceart
- Creidim ionam féin
- Lonraím ar nós réalta
- Is cara iontach mé
Tá méid A3 ar gach ceann de na deich bpóstaer agus iad priontáilte ar chárta síoda 300 g/sm atá ar ardchaighdeán. Oiriúnach don scoil nó don bhaile, tá leideanna amhairc agus treisiú do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon sna póstaeir lándaite, tarraingteacha seo.
Aistriúchán le:

Deartha ag: www.otb.ie/creative-mindfulness
Tuilleadh acmhainní Gaeilge: www.otb.ie/Gaeilge