Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.

Tá na leabhair, na póstaeir agus na cártaí go léir thíos curtha le chéile in Éirinn i gcomhar le COGG.

Shopping Cart
Scroll to Top