Fí-na-Folláine-Logo

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 7+ go 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS.

Tá 10 gceacht do gach rangleibhéal i gclár seo an Oideachais Dhearfaigh agus tá sé fréamhaithe in idirghabhálacha, atá bunaithe ar fhianaise, ó ghort na Síceolaíochta Dearfaí, eolaíocht na folláine.

Is í bunchloch an chláir seo an coincheap nach ionann an fholláine agus easpa na diúltachta ach gurb ionann an fholláine agus láithreacht na dearfachta.

Tugann an clár Fí na Folláine deis do na páistí an dearfacht a fhí isteach ina saol laethúil trí éagsúlacht leathan gníomhaíochtaí i réimsí difriúla.

Tá réamhrá PowerPoint i ngach ceacht, chomh maith le moltaí don fhorbairt agus gníomhaíochtaí ar leith i Leabhrán an Dalta. Tá leathanach digiteach ann freisin le gach leabhar áiseanna múinteora.

Tá bileog don obair bhaile ann le gníomhaíocht amháin le déanamh sa bhaile i gcaitheamh na seachtaine agus le tuairisciú ar scoil ansin. Diaidh ar ndiaidh, bíonn punann oibre an-phearsanta ag gach páiste i Leabhrán an Dalta, a léiríonn na gnéithe ar leith a chuireann lena bhfolláine phearsanta agus leis an teacht aniar atá iontu.

Tá Treoir don Tuismitheoir/Chaomhnóir/Chúramóir i lár Leabhrán an Dalta chun tacú le rannpháirtíocht na dTuismitheoirí/na gCaomhnóirí/na gCúramóirí.

Dearadh na ceachtanna le bheith á gcur i bhfeidhm laistigh de chreat an churaclaim OSPS. Chun an phleanáil a éascú, luaitear na snáitheanna agus na snáithaonaid ábhartha i ngach ceann den 10 bplean ceachta.

Tá cúig leibhéal i gclár Fhí na Folláine:

Fí na Folláine (Rang a Dó): Buanna Pearsanta:

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun cabhrú le páistí éirí feasach ar na buanna pearsanta difriúla atá againn go léir go pointe áirithe agus ar na tairbhí a bhaineann lena n-úsáid. Aithneoidh na páistí na buanna is mó atá acu freisin, na buanna atá le húsáid acu chun cur lena sonas agus lena bhfolláine. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Fí na Folláine (Rang a Trí): Mothúcháin Dhearfacha:

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 5 straitéis atá bunaithe ar fhianaise chun cur lena mothúcháin dhearfacha ar bhonn laethúil. Cuirtear gach ceann de na straitéis seo i láthair na bpáistí mar “chomhábhar” a dhéanann “Meascán Mothúcháin Dhearfacha. Seo thíos na straitéisí: Buíochas a chur in iúl; Tuiscint agus taithí ar ghníomhaíochtaí “Faoi Lánseol”; Cineáltas a dhéanamh gan choinne; Imeachtaí beaga dearfacha a thabhairt faoi deara agus a cheiliúradh; Fanacht sláintiúil agus aclaí. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Fí na Folláine (Rang a Ceathair): Uirlisí don Teacht Aniar

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun na páistí a chur ar an eolas faoi 6 scil ar leith don Teacht Aniar atá bunaithe ar fhianaise: Dearcadh; Tarraingt Shláintiúil na hAigne; Saraíocht na Smaointe; Úsáid na mBuanna Pearsanta Fíora; Aireachas; Pleanáil Fadhbdhírithe. Cuirtear straitéisí suaimhnithe, bunaithe ar aireachas, os comhair na bpáistí le cabhrú leo le déileáil le himní, le fearg agus le mothúcháin láidre. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Fí na Folláine (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha:

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Fí na Folláine (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe:

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann creidimh ar leith os comhair na bpáistí agus a spreagann iad chun iad a fhiosrú agus a thriail dóibh féin. Foghlaimíonn na páistí go bhfuil Creidimh chun Cumasaithe cosúil le cadhnraí. Soláthraíonn siad cumhacht agus fuinneamh. Tugtar deis do na páistí ansin éifeachtaí gach creidimh ar a bhfolláine a fheiceáil agus a thaifeadadh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Fí na Folláine: Paca Tosaigh – sa phaca tá:

  • Leabhar áiseanna an mhúinteora x 5
  • Leabhrán an dalta x 5

Leabhair na nDaltaí – Samplaí – Cliceáil anseo

Aistrithe ag COGG

Iris 'Intouch' - Deireadh Fómhair 2020 (INTO)

Siopa Fhí na Folláine

Sale!

Fí na Folláine – Paca Tosaigh

140.00

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 8 – 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS.

Fí na Folláine: Paca Tosaigh – Comhdhéanta de: Leabhar áiseanna an mhúinteora x 5 agus Leabhrán an dalta x 5

Fí na Folláine – Sraith Póstaer

19.95

Tacaíonn an tsraith póstaeir lándaite A3 le cur i bhfeidhm ceachtanna Fí na Folláine.

Sale!

Fí na Folláine 2 (Rang a Dó): Buanna Pearsanta

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun cabhrú le páistí éirí feasach ar na buanna pearsanta difriúla atá againn go léir go pointe áirithe agus ar na tairbhí a bhaineann lena n-úsáid. Aithneoidh na páistí na buanna is mó atá acu freisin, na buanna atá le húsáid acu chun cur lena sonas agus lena bhfolláine. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-2

Sale!

Fí na Folláine 3 (Rang a Trí): Mothúcháin Dhearfacha

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 5 straitéis atá bunaithe ar fhianaise chun cur lena mothúcháin dhearfacha ar bhonn laethúil. Cuirtear gach ceann de na straitéis seo i láthair na bpáistí mar “chomhábhar” a dhéanann “Meascán Mothúcháin Dhearfacha. Seo thíos na straitéisí: Buíochas a chur in iúl; Tuiscint agus taithí ar ghníomhaíochtaí “Faoi Lánseol”; Cineáltas a dhéanamh gan choinne; Imeachtaí beaga dearfacha a thabhairt faoi deara agus a cheiliúradh; Fanacht sláintiúil agus aclaí. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-3

Sale!

Fí na Folláine 4 (Rang a Ceathair): Uirlisí don Teacht Aniar

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun na páistí a chur ar an eolas faoi 6 scil ar leith don Teacht Aniar atá bunaithe ar fhianaise: Dearcadh; Tarraingt Shláintiúil na hAigne; Saraíocht na Smaointe; Úsáid na mBuanna Pearsanta Fíora; Aireachas; Pleanáil Fadhbdhírithe. Cuirtear straitéisí suaimhnithe, bunaithe ar aireachas, os comhair na bpáistí le cabhrú leo le déileáil le himní, le fearg agus le mothúcháin láidre. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-4

Sale!

Fí na Folláine 5 (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-5

Sale!

Fí na Folláine 6 (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann creidimh ar leith os comhair na bpáistí agus a spreagann iad chun iad a fhiosrú agus a thriail dóibh féin. Foghlaimíonn na páistí go bhfuil Creidimh chun Cumasaithe cosúil le cadhnraí. Soláthraíonn siad cumhacht agus fuinneamh. Tugtar deis do na páistí ansin éifeachtaí gach creidimh ar a bhfolláine a fheiceáil agus a thaifeadadh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-6