Description
Is féidir fótachóipeanna a dhéanamh den dá leabhar iontacha seo a fhorbróidh scileanna réitigh fadhbanna agus foghlaim chomhoibríoch daltaí sa tomhas, san uimhreas, sa chéimseata, san ailgéabar agus sa staitistic.
- LEABHAR A: Díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna sa Tomhas agus sa Chéimseata
- LEABHAR B: Díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna san Uimhreas, san Ailgéabar agus sa Staitistic
Tá réimse straitéisí in Dúcheisteanna a chabhróidh le daltaí bheith níos éifeachtaí i ngrúpaí mar réiteoirí fadhbanna. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí ceathrair le bheith in ann plé agus réiteach a dhéanamh ar a lán de na fadhbanna atá san áis. Chun na ceisteanna a fhreagairt is gá do dhaltaí tuiscint a bheith acu ar choincheapa matamaiticiúla agus teanga mhatamaiticiúil agus cabhraíonn na ceisteanna leo cur chuige cruthaitheach a fhorbairt agus a dtuiscintí á gcur i bhfeidhm acu ar ghnáthimeachtaí lae ina bhfuil an mhatamaitic in úsáid.
Tá baint ag na gníomhaíochtaí leis na snáitheanna:
- Uimhreas
- Ailgéabar
- Tomhas
- Céimseata
- Staitistic
Forbraíonn na gníomhaíochtaí seo na próisis mhatamaiticiúla atá fite fuaite sna snáitheanna seo.
Aistriúchán le:
Tuilleadh acmhainní Gaeilge: www.otb.ie/Gaeilge