Sale!
, , ,

Fí na Folláine 5 (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-5

SKU: Fí na Folláine 5 (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 8 – 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS. Tá an leabhar seo dírithe ar Rang a Cúig (10-11 bhliain d’aois).

Tá 10 gceacht do gach rangleibhéal i gclár seo an Oideachais Dhearfaigh agus tá sé fréamhaithe in idirghabhálacha, atá bunaithe ar fhianaise, ó ghort na Síceolaíochta Dearfaí, eolaíocht na folláine.

Is í bunchloch an chláir seo an coincheap nach ionann an fholláine agus easpa na diúltachta ach gurb ionann an fholláine agus láithreacht na dearfachta.

Tugann an clár Fí na Folláine deis do na páistí an dearfacht a fhí isteach ina saol laethúil trí éagsúlacht leathan gníomhaíochtaí i réimsí difriúla.

Fí na Folláine (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha:

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Tá réamhrá PowerPoint i ngach ceacht, chomh maith le moltaí don fhorbairt agus gníomhaíochtaí ar leith i Leabhrán an Dalta. Tá bileog don obair bhaile ann freisin le gníomhaíocht amháin le déanamh sa bhaile i gcaitheamh na seachtaine agus le tuairisciú ar scoil ansin.

Diaidh ar ndiaidh, bíonn punann oibre an-phearsanta ag gach páiste i Leabhrán an Dalta, a léiríonn na gnéithe ar leith a chuireann lena bhfolláine phearsanta agus leis an teacht aniar atá iontu.

Tá Treoir don Tuismitheoir/Chaomhnóir/Chúramóir i lár Leabhrán an Dalta chun tacú le rannpháirtíocht na dTuismitheoirí/na gCaomhnóirí/na gCúramóirí.

Dearadh na ceachtanna le bheith á gcur i bhfeidhm laistigh de chreat an churaclaim OSPS. Chun an phleanáil a éascú, luaitear na snáitheanna agus na snáithaonaid ábhartha i ngach ceann den 10 bplean ceachta.

Aistriúchán le:

Leabhrán na nDaltaI – Samplaí

Tuilleadh acmhainní Gaeilge: www.otb.ie/Gaeilge

Age Suitability:

Comhdhéanta de:

Leabhar áiseanna an mhúinteora (leathanaigh x 114) agus Leabhrán an dalta (leathanaigh x 40)

Author(s):

,

Published By:

,

Bliain Foilsithe:

2022

You may also like…

Shopping Cart
X
Scroll to Top