I gcomhpháirt leis an údar Fiona Forman agus leis an dearthóir grafaice Andrea Heron, tá leabhrán saor in aisce deartha ag Outside the Box chun tacú le múinteoirí chun cuidiú le paistí atá díreach tar éis teacht ón Úcráin le go mothóidís sábháilte, suaimhneach, dóchasach agus nasctha, chomh maith le deiseanna a thabhairt dóibh dul i ngleic le rudaí.

Rinne síceolaithe sinsearacha oideachais agus an Síciteiripeoir Oideachais Marie Delaney mion-athbhreithniú ar an leabhrán seo agus leasaíodh é dá reir. Tá taithí fhairsing ag Marie a bheith ag obair le scoláirí a ndeachaigh eispéiris trámacha i bhfeidhm orthu agus is í a bhunaigh trauma-ed.com.

NB: Tá sé molta ag Marie gur cheart do mhúinteoirí a úsáideann an leabhrán seo tagairt a dhéanamh do NÓTAÍ an MHÚINTEORA a ghabhann leis an leabhrán Fáilte go hÉirinn – Gníomhaíochtaí ranga do dhaltaí nua.

Tá an leabhrán,  Fáilte go hÉirinn – Gníomhaíochtaí ranga do dhaltaí nua, dátheangach (Gaeilge agus Úcráinis) agus tá sé ar fáil le híoslódáil saor in aisce nó i bhfoirm chlóite ó Outside the Box.

Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí sa leabhrán deis a thabhairt do pháistí machnamh a dhéanamh ar a láidreachtaí, ar na rudaí is maith leo agus ar a gcuid caitheamh aimsire agus iad a roinnt lena múinteoir nua (agus leis na daltaí eile, más mian leo). Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar pháistí idir 8-10 mbliana d’aois ach is féidir iad a úsáid le páistí níos sine nó níos óige de réir rogha an mhúinteora.

CÓIPEANNA SAOR IN AISCE: Is féidir le scoileanna cóipeanna clóite den leabhrán a ordú saor in aisce dá bpáistí ón Úcráin tríd an bhFoirm Iarratais ar Leabhrán In Aisce a líonadh isteach ANSEO nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: Ucrain@otb.ie

Nótaí an Mhúinteora

(Léigh le do thoil roimh an leabhrán a úsáid)

ÍOSLÓDÁIL NÓTAÍ AN MHÚINTEORA SAOR IN AISCE: Cliceáil ANSEO

SEOLFAR CÓIPEANNA CLÓITE SAOR IN AISCE MÁ ORDAITEAR LEABHRÁIN

LE HAGHAIDH CÓIPEANNA CLÓITE SAOR IN AISCE den LEABHRÁN:

Cliceáil Deilbhín Thíos

Gníomhaíochtaí ranga do dhaltaí nua

ÍOSLÓDÁIL AN LEABHRÁN SAOR IN AISCE: Cliceáil ANSEO

CÓIPEANNA CLÓITE SAOR IN AISCE: Cliceáil ANSEO

Láithreáin ghréasáin úsáideacha

COGG: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS)

Fáilte Isteach

Acmhainní Úsáideacha

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige

12.50

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige, scéal is ea é ó dhearcadh páiste ocht mbliana d’aois. Tugann an scéal cuntas ionraic álainn gan aon chur i gcéill ar shaol duine a bhfuil Neamhord de chuid Speictream an Uathachais air. Léiríonn sé freisin an tslí a mhothaíonn sé a bheith mar chara leis.

Leathanaigh Shamplacha:

Sale!

Dúcheisteanna Mata

20.0035.00

Is féidir fótachóipeanna a dhéanamh den dá leabhar iontacha seo a fhorbróidh scileanna réitigh fadhbanna agus foghlaim chomhoibríoch daltaí sa tomhas, san uimhreas, sa chéimseata, san ailgéabar agus sa staitistic.

Sale!

Fí na Folláine – Paca Tosaigh

140.00

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 8 – 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS.

Fí na Folláine: Paca Tosaigh – Comhdhéanta de: Leabhar áiseanna an mhúinteora x 5 agus Leabhrán an dalta x 5

Sale!

Fí na Folláine 2 (Rang a Dó): Buanna Pearsanta

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun cabhrú le páistí éirí feasach ar na buanna pearsanta difriúla atá againn go léir go pointe áirithe agus ar na tairbhí a bhaineann lena n-úsáid. Aithneoidh na páistí na buanna is mó atá acu freisin, na buanna atá le húsáid acu chun cur lena sonas agus lena bhfolláine. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-2

Sale!

Fí na Folláine 3 (Rang a Trí): Mothúcháin Dhearfacha

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 5 straitéis atá bunaithe ar fhianaise chun cur lena mothúcháin dhearfacha ar bhonn laethúil. Cuirtear gach ceann de na straitéis seo i láthair na bpáistí mar “chomhábhar” a dhéanann “Meascán Mothúcháin Dhearfacha. Seo thíos na straitéisí: Buíochas a chur in iúl; Tuiscint agus taithí ar ghníomhaíochtaí “Faoi Lánseol”; Cineáltas a dhéanamh gan choinne; Imeachtaí beaga dearfacha a thabhairt faoi deara agus a cheiliúradh; Fanacht sláintiúil agus aclaí. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-3

Sale!

Fí na Folláine 4 (Rang a Ceathair): Uirlisí don Teacht Aniar

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht atá deartha chun na páistí a chur ar an eolas faoi 6 scil ar leith don Teacht Aniar atá bunaithe ar fhianaise: Dearcadh; Tarraingt Shláintiúil na hAigne; Saraíocht na Smaointe; Úsáid na mBuanna Pearsanta Fíora; Aireachas; Pleanáil Fadhbdhírithe. Cuirtear straitéisí suaimhnithe, bunaithe ar aireachas, os comhair na bpáistí le cabhrú leo le déileáil le himní, le fearg agus le mothúcháin láidre. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-4

Sale!

Fí na Folláine 5 (Rang a Cúig): Caidrimh Dhearfacha

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann na páistí ar an eolas faoi 8 straitéis, bunaithe ar fhianaise, le caidrimh dhearfacha a chothú ar bhonn laethúil. Tagann na chéad litreacha i ngach ceacht le chéile chun CAIDRIMH a litriú le gach ceacht a mheabhrú dóibh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-5

Sale!

Fí na Folláine 6 (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe

4.9544.50

Sa chlár seo tá 10 gceacht a chuireann creidimh ar leith os comhair na bpáistí agus a spreagann iad chun iad a fhiosrú agus a thriail dóibh féin. Foghlaimíonn na páistí go bhfuil Creidimh chun Cumasaithe cosúil le cadhnraí. Soláthraíonn siad cumhacht agus fuinneamh. Tugtar deis do na páistí ansin éifeachtaí gach creidimh ar a bhfolláine a fheiceáil agus a thaifeadadh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Leathanach Digiteach: www.otb.ie/fnf-6

Sale!

Seo linn! – Scéalta Sóisialta

7.9585.00

Insíonn gach leabhar scéal ócáid áirithe nó gníomhaíocht laethúil i sraith dhá chéim déag. Scríobhadh na scéalta chun cabhrú le páiste déileáil níos fearr leis an ngníomhaíocht nó ócáid nua sin.