I gcomhpháirt leis an údar Fiona Forman agus leis an dearthóir grafaice Andrea Heron, tá leabhrán saor in aisce deartha ag Outside the Box chun tacú le múinteoirí chun cuidiú le paistí atá díreach tar éis teacht ón Úcráin le go mothóidís sábháilte, suaimhneach, dóchasach agus nasctha, chomh maith le deiseanna a thabhairt dóibh dul i ngleic le rudaí.
Rinne síceolaithe sinsearacha oideachais agus an Síciteiripeoir Oideachais Marie Delaney mion-athbhreithniú ar an leabhrán seo agus leasaíodh é dá reir. Tá taithí fhairsing ag Marie a bheith ag obair le scoláirí a ndeachaigh eispéiris trámacha i bhfeidhm orthu agus is í a bhunaigh trauma-ed.com.
NB: Tá sé molta ag Marie gur cheart do mhúinteoirí a úsáideann an leabhrán seo tagairt a dhéanamh do NÓTAÍ an MHÚINTEORA a ghabhann leis an leabhrán Fáilte go hÉirinn – Gníomhaíochtaí ranga do dhaltaí nua.
Tá an leabhrán, Fáilte go hÉirinn – Gníomhaíochtaí ranga do dhaltaí nua, dátheangach (Gaeilge agus Úcráinis) agus tá sé ar fáil le híoslódáil saor in aisce nó i bhfoirm chlóite ó Outside the Box.
Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí sa leabhrán deis a thabhairt do pháistí machnamh a dhéanamh ar a láidreachtaí, ar na rudaí is maith leo agus ar a gcuid caitheamh aimsire agus iad a roinnt lena múinteoir nua (agus leis na daltaí eile, más mian leo). Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar pháistí idir 8-10 mbliana d’aois ach is féidir iad a úsáid le páistí níos sine nó níos óige de réir rogha an mhúinteora.
CÓIPEANNA SAOR IN AISCE: Is féidir le scoileanna cóipeanna clóite den leabhrán a ordú saor in aisce dá bpáistí ón Úcráin tríd an bhFoirm Iarratais ar Leabhrán In Aisce a líonadh isteach ANSEO nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: Ucrain@otb.ie