ISBN: 9781913225780

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige

12.50

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige, scéal is ea é ó dhearcadh páiste ocht mbliana d’aois. Tugann an scéal cuntas ionraic álainn gan aon chur i gcéill ar shaol duine a bhfuil Neamhord de chuid Speictream an Uathachais air. Léiríonn sé freisin an tslí a mhothaíonn sé a bheith mar chara leis.

Leathanaigh Shamplacha:

ISBN: 9781913225780
Author(s) : Brooke Ross
SKU: 9781913225780

Description

 – Chun feasacht agus glacadh a chruthú do pháistí a bhfuil speictream neamhord uathachais orthu

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige, scéal is ea é ó dhearcadh páiste ocht mbliana d’aois. Tugann an scéal cuntas ionraic álainn gan aon chur i gcéill ar shaol duine a bhfuil Neamhord de chuid Speictream an Uathachais air. Léiríonn sé freisin an tslí a mhothaíonn sé a bheith mar chara leis.

Agus é ag déanamh cur síos ar rudaí a tharlaíonn sa ghnáthshaol, agus ar roinnt de na cora áisteacha is coitianta a bhaineann le SNU, déanann an scéalaí iarracht an stiogma a bhaineann le SNU a bhriseadh agus forbairt a dhéanamh ar láidreachtaí, ar shuimeanna agus ar ábaltachtaí ar leith a charad.

Tacaíonn sraith álainn pictiúr leis an scéal. Tharraing Skye McBain – dalta Rang a 6 in Victoria na hAstráile – iad de láimh. Is meascán tarraingteach d’fhíric leabhar scéalta agus greann ficseanúil aoisoiriúnach é An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige. Ba chóir do thuismitheoirí, do chúramóirí, do dhaoine aonair agus do scoileanna an leabhar seo a bheith acu. Gach bliain bíonn diagnóis imní agus dúlagair ar pháistí SNU mar gheall ar bhulaíocht ar scoil.

Cabhróidh an leabhar seo chun laghdú a dhéanamh ar líon na bpáistí a fhaigheann an diagnóis sin.

 – Scéal le Brooke Ross; Pictiúir le Skye McBain

Aistrithe ag COGG

Tuilleadh acmhainní Gaeilge: www.otb.ie/Gaeilge

Additional information

Age Suitability:

,

Extent:

42-Page reader – full colour throughout

Author(s):

Published By:

, ,

Publication Year:

2021

Reading List(s):

You may also like…

Cártaí Suaimhnis ó 9 go 12 bhliain d’aois – Cártaí agus Póstaeir

14.9519.95

Tá deich bpóstaer áille A3 sa tsraith Cártaí Suaimhnis chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn i measc daoine óga (9 – 12 bl).

Cé atá liom anois? Cártaí agus Póstaeir

14.9519.95

Tá deich bpóstaer áille sa tsraith Cé atá liom anois? chun iniúchadh a dhéanamh ar mhothúcháin le páistí. Léiríonn gach póstaer mothúchán ar leith is féidir a iniúchadh, a phlé agus a bhainistiú.

Boy with a Different Brain, The

12.50

Written from the perspective of an eight-year-old child, The Boy with a Different Brain offers readers a beautifully honest and uncensored account of exactly what it feels like to be friends with a person with Autism Spectrum Disorder (ASD).

LOOK INSIDE:

Sale!

Seo linn! – Scéalta Sóisialta

7.9585.00

Insíonn gach leabhar scéal ócáid áirithe nó gníomhaíocht laethúil i sraith dhá chéim déag. Scríobhadh na scéalta chun cabhrú le páiste déileáil níos fearr leis an ngníomhaíocht nó ócáid nua sin.

Sale!

Fí na Folláine – Paca Tosaigh

140.00

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 8 – 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS.

Fí na Folláine: Paca Tosaigh – Comhdhéanta de: Leabhar áiseanna an mhúinteora x 5 agus Leabhrán an dalta x 5

Sale!

Bí Cineálta – Sraith – 3 Leabhar

9.9526.85

Tugann an tsraith Bí Cineálta eolas do pháistí ar aireachas, ar chineáltas, ar chomhbhá agus ar bhuíochas.

Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí – Cártaí agus Póstaeir

14.9419.95

Tá deich bpóstaer áille A3 (i stíl graifítí) sa tsraith Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn i measc déagóirí (13 -17 bl)

Bí Cineálta – Póstaeir: Sraith A

19.95

Póstaeir a dhearbhaíonn buíochas, comhbhá agus cineáltas

Fí na Folláine – Sraith Póstaer

19.95

Tacaíonn an tsraith póstaeir lándaite A3 le cur i bhfeidhm ceachtanna Fí na Folláine.