Sale!

Fí na Folláine 6 (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe – Leabhrán an Dalta

 4.95 44.55

Clear
SKU: FnF-6

Description

Laistigh de chreatlach an Churaclaim OSPS, is é Fí na Folláine an chéad chlár dá leithéid deartha in Éirinn don Mheabhairshláinte Dhearfach. Tá sé mar aidhm aige cur le folláine páistí idir 8-12 bhliain d’aois. Tá Fí na Folláine bunaithe ar an tSíceolaíocht Dhearfach. Tá 5 leibhéal in Fí na Folláine:

Samplaí

Tá an Clár Weaving Well-being in úsáid i scoileanna ar fud na hÉireann agus clúdaíonn sé ó Rang a Dó go Rang a Sé. Is éard atá sa chlár ná cúig lámhleabhar do mhúinteoirí agus cúig leabhrán do dhaltaí. Tá an clár á aistriú go Gaeilge faoi láthair le maoiniú ó COGG. Is é Fí na Folláine an t-ainm atá ar an gclár. Tá an t-aistriúchán á dhéanamh diaidh ar ndiaidh mar seo:

  • Tréimhse a haon: Leabhráin na nDaltaí á n-aistriú – Ar fáil anois
  • Tréimhse a dó: Na ‘Comhábhair Mhúinteoireachta’ ar fad ó Lámhleabhair na Múinteoirí – PowerPoints ar fáil anois
  • Tréimhse a trí: Aistriúcháin ar na cúig lámhleabhar don mhúinteoir

Fí na Folláine 6 (Rang a Sé): Creidimh chun Cumasaithe – Leabhrán an Dalta

Is éard atá i Leabhrán an Dalta: Creidimh chun Cumasaithe ná 10 gCeacht a chuireann creidimh ar leith os comhair na bpáistí agus a spreagann iad chun iad a fhiosrú agus a thriail dóibh féin. Foghlaimíonn na páistí go bhfuil Creidimh chun Cumasaithe cosúil le cadhnraí. Soláthraíonn siad cumhacht agus fuinneamh. Tugtar deis do na páistí ansin éifeachtaí gach creidimh ar a bhfolláine a fheiceáil agus a thaifeadadh. Diaidh ar ndiaidh, forbraíonn Leabhrán an Dalta isteach ina phunann an-phearsanta.

Additional information

Author(s):

,

Age Suitability:

Extent:

You may also like…