ISBN: 9781784442477

Tomás na hOrdóige: Eagrán Nua

40.00

Is iad na deich scéal atá sa leabhar na cinn is coitianta a insítear do pháistí ar fud na hEorpa.

ISBN: 9781784442477
SKU: 9781784442477
Categories: , , Tag: GTIN: 9781784442477

Description

Pacáiste Scéalta, Drámaí agus Cluichí do Mhúinteorí Bunscoile – Eagrán Nua (2022)

Is breá le gach uile pháiste scéal. Áirítear an scéalaíocht ar cheann de na straitéisí is éifeachtaí atá ag an múinteoir sa seomra ranga. Tá béim curtha ar an scéalaíocht i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2019) leis an Snáithe Teanga Ó Bhéal.

Moltar go mbeadh na páistí ag éisteacht le teanga i gcomhthéacs agus ag úsáid na teanga ó athinsint a dhéanamh ar scéal atá ar eolas trí phictiúir/phuipéid a úsáid, sraith pictiúr a chur in ord agus labhairt fúthu.Is é sin go díreach atá ar siúl ag na páistí a úsáideann an pacáiste idirghníomhach teagaisc seo.

(www.curriculumonline.ie – na hUirlisí Úsáide agus Ábhar Tacaíochta).

  1. Cochaillín Dearg
  2. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
  3. An Tornapa Mór
  4. Na Trí Mhuc
  5. An Buachaillín Sinséir
  6. An Chircín Bheag Rua
  7. Tomás na hOrdóige
  8. Luaithríona
  9. Hansel agus Gretel
  10. Jeaic agus an Gas Pónaire
  • Dírithe ar pháistí bunscoile ó na naíonáin ar aghaidh
  • Sé phictiúr lannaithe A4 le gach scéal
  • Dráma gearr simplí le gach scéal
  • Patrúin i gcomhair masc agus puipéad láimhe agus méar

Léitheoireacht

Tabharfaidh na scéalta agus na gníomhaíochtaí sa phacáiste seo blas do na páistí ar thús na léitheoireachta.

Nóta faoin údar, Nóirín Ní Nuadháin

Iarléachtóir le Teagasc na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, í Nóirín Ní Nuadháin. Bhíodh sí ag plé le bunmhúinteoirí faoi oiliúint agus á ngríosadh chun scéalta a insint do na páistí. Bhí baint aici leis an gCuraclam Gaeilge agus leis na Treoirlínte do Mhúinteoirí Gaeilge, 1999. Tá spéis faoi leith aici i múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. Bíonn sí de shíor ag lorg straitéisí éagsúla i gcomhair na múinteoirí chun Gaeilge a mhúineadh, agus do na páistí chun í a fhoghlaim.

Tuilleadh acmhainní Gaeilge: www.otb.ie/Gaeilge

Additional information

Age Suitability:

,

Comhdhéanta de:

Leabhar áiseanna an mhúinteora (leathanaigh x 80) – Tá 6 phictiúr lannaithe A4 agus dráma gearr simplí le gach scéal.

Author(s):

Published By:

Bliain Foilsithe:

2022

You may also like…

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige

12.50

An buachaill a bhfuil inchinn éagsúil aige, scéal is ea é ó dhearcadh páiste ocht mbliana d’aois. Tugann an scéal cuntas ionraic álainn gan aon chur i gcéill ar shaol duine a bhfuil Neamhord de chuid Speictream an Uathachais air. Léiríonn sé freisin an tslí a mhothaíonn sé a bheith mar chara leis.

Leathanaigh Shamplacha:

Sale!

Seo linn! – Scéalta Sóisialta

7.9585.00

Insíonn gach leabhar scéal ócáid áirithe nó gníomhaíocht laethúil i sraith dhá chéim déag. Scríobhadh na scéalta chun cabhrú le páiste déileáil níos fearr leis an ngníomhaíocht nó ócáid nua sin.

Sale!

Fí na Folláine – Paca Tosaigh

140.00

Is é Fí na Folláine an chéad chlár den chineál seo, atá deartha in Éirinn, don mheabhairshláinte dhearfach. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur le folláine na bpáistí ó 8 – 12 bhliain d’aois laistigh de chreat an churaclaim OSPS.

Fí na Folláine: Paca Tosaigh – Comhdhéanta de: Leabhar áiseanna an mhúinteora x 5 agus Leabhrán an dalta x 5

Cé atá liom anois? Cártaí agus Póstaeir

14.9519.95

Tá deich bpóstaer áille sa tsraith Cé atá liom anois? chun iniúchadh a dhéanamh ar mhothúcháin le páistí. Léiríonn gach póstaer mothúchán ar leith is féidir a iniúchadh, a phlé agus a bhainistiú.

Cártaí Suaimhnis ó 9 go 12 bhliain d’aois – Cártaí agus Póstaeir

14.9519.95

Tá deich bpóstaer áille A3 sa tsraith Cártaí Suaimhnis chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn i measc daoine óga (9 – 12 bl).

Sale!

Bí Cineálta – Sraith – 3 Leabhar

9.9526.85

Tugann an tsraith Bí Cineálta eolas do pháistí ar aireachas, ar chineáltas, ar chomhbhá agus ar bhuíochas.

Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí – Cártaí agus Póstaeir

14.9419.95

Tá deich bpóstaer áille A3 (i stíl graifítí) sa tsraith Cártaí Suaimhnis do Dhéagóirí chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn i measc déagóirí (13 -17 bl)

Bí Cineálta – Póstaeir: Sraith A

19.95

Póstaeir a dhearbhaíonn buíochas, comhbhá agus cineáltas

Sale!

Dúcheisteanna Mata

20.0035.00

Is féidir fótachóipeanna a dhéanamh den dá leabhar iontacha seo a fhorbróidh scileanna réitigh fadhbanna agus foghlaim chomhoibríoch daltaí sa tomhas, san uimhreas, sa chéimseata, san ailgéabar agus sa staitistic.

Fí na Folláine – Sraith Póstaer

19.95

Tacaíonn an tsraith póstaeir lándaite A3 le cur i bhfeidhm ceachtanna Fí na Folláine.